Teach Ghairfean agus Conroys Ros Muc
Meta Uí Mháille
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1998. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
Tá pleananna móra ann Tigh Chonroy a chur in oiriúnt lena usáid mar ionad cultúir agus mar acmhainn don cheantar. Tá stair spéisiúl ag an Teach. Tá an t-alt seo bunaithe ar agallamh a chuir Meta Uí Mhállle ar Jimín Toni ó Nia, a bhásaigh le linn na bliana, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.
Do réir an tseanchais, is as Cloch na Rón a tháinig na Conroys. Is de bharr gan iad in ann ardú cíosa a íoc a díbríodh Páidín Mharcuis, a bhean agus seachtar mac as gCloch na Rón. Chuir siad fúthu ar feadh tamaill ar an Turlach i Ros Muc.
Do réir na tuairisce a fuair mé ó sheanchaí áitiúil bhí siad tamall de bhlianta ar an nGairfean i Rosmuc, sul má d'oscail siad an siopa a bunaíodh i 1850, más fíor atá ráite. Ag an am ní raibh na Conroys tada níos fearr as ná gnáthmhuintir na háite nó gur phós duine den chlann mhac, Tom Conroy bean de mhuintir Mháirtín Mhóir Mhic Dhonncha i nGaillimh. Commerford a bhí ina máthair agus is cosúil gur ag na Commerfords a bhí an mhaoin a chuir Máirtín Mór ar a cosa. Bhí an bhean a phós Tom Conroy an-saibhir freisin.
Triúr clainne a bhí ag Tom Conroy - Maidhceó, Issaic agus Pádraig nó sean-Phádraig Ó Conaire mar is fearr aithne anois air. D'imigh Tom Conroy go Meiriceá agus an chlann óg. Bhí an-ghean aige ar na mná, agus is cosúil go raibh an oiread sin acu ina dhiaidh sa deireadh go mb'éigean dó imeacht. Ach níor imigh sé folamh. Chroch sé leis a raibh d'airgead ag a bhean agus d'fhág sé í fhéin agus a chlann mhac beo bocht ag cuartú déirce i nGaillimh. Tá sé ráite gurbh é Tom Conroy a chuir an t-airgead as Meiriceá ag a dheartháir Pat a bhí i nGairfean agus gur leis seo a bunaíodh an siopa ar an nGairfean.
Cuireadh clann Tom Conroy siar go Ros Muc ar feadh tamaill ag a dheartháir Paitín, a raibh an siopa aige i nGairfean. Bhíodh sean-Pádraig ag obair Ie carr asail agus is ann a d'f hoghlaim sé an Ghaeilge agus a phioc sé suas ábhar na scéalta a scríobh sé. Bhí an-dúil aige san ól agus ní go minic a chuaigh sé féin ná an t-asal thar an gcéad stilhouse a casadh air. Ní raibh aon mheas ag Pat Conroy ná ag a bhean ar aon duine a bhí ag plé le ól, rud a d'fhág sean-Pádraig ag codladh amuigh go minic. Cheap muintir na h-áite go raibh sé cineál craiceáilte mar go mbíodh sé ag scríobh.
Cúigear clainne a bhí ag Pat Conroy agus a bhean Mae - Francis, Charlie, Patrick, Michael agus Grace. Fuair beirt acu bás ina ngasúir.
Michael a d'fhan i mbun an ghnó. Ba as Mhaigheo a bhean siúd agus bhí triúr clainne acu - Mark, Catherine agus Jane. Lean Michael leis an obair a bhí ar siúl ansin i gcónaí, ach bhí leoraí ag déanamh na hoibre a bhíodh ar siúl roimhe sin ag an mbád. Thosaigh sé ag feidhmiú mar ghníomhaire taistil, rud a thug go leor ag tarraingt ar an siopa mar go raibh go leor imirce go Meirceá ag an am agus bhí sé in ann déileáil leis na daoine trí Ghaeilge, seirbhís nach raibh ar fáil i nGaillimh. Deirtear nár chlis air paisinéaracht a fháil d'aon duine ariamh.
Bhí an siopa ag obair tamall maith blianta, sul ar ceannaíodh Bád Chonroy nó an Saint Patrick mar is fearr aithne anois uirthi, bád a thóg Cathasaigh Mhaoinse dóibh fhéin thart ar an mbliain 1914 ach ní raibh aon mhaith ag Pat Conroy nó go gceannódh sé í le stuif a tharraingt as Gaillimh don tsiopa. £100 a chuaigh an bád ag an am. Bhí sí ag Tigh Chonroy nó gur stop sí ag trádáil thart ar 1950.
Is le báid a bhí trádáil is taisteal á dhéanamh ag an am. Bhí an siopa buailte ar chéibh Chonroy nó céibh Chaladh na Leice mar a thugtar uirthi. Cuireadh feabhas ar an gcéibh seo faoi scéim na gCeantar Cúng. Bhí sí an-áisiúil do mhuintír na gceantar timpeall le cósta le siopadóireacht a dhéanamh. Ní i bhfad go raibh Tígh Chonroy ar cheann de na siopaí ba láidre sa tír, agus daoine ag tarraingt ann ón gCeathrú Rua, Leitir Móir, Béal a' Daingin, Eanach Mheáin, Cill Chiaráin agus Camus chomh maith le muintir Ros Muc fhéin. Bhí chuile ní beo a raibh ag teastáil ag an am le fáil ann. Plúr, tae, siúcra, adhmad, teara agus cailico le haghaidh bád.
Bhí an-mheas ar mhuintir Chonroy agus bhí an cháil orthu go raibh siad cóir gnaíúil lena gcuid custaiméirí. Thug siad cairde dóibh ó bhliain go bliain, nó seans é a íoc le obair in áit a luach. Deirtear nár dhiúltaigh siad mála mine ná aon rud eile d'aon duine nuair a bhí an saol go dona.
Chuir na Conroys cuid mhaith fostaíochta ar fáil sa bpobal agus thóg siad seilbh ar chuid mhaith talún timpeall an cheantair. Bhí sé éasca talamh a fháil ag an am ach an t-airgead a bheith agat leis an gcíos a íoc le Robinson a bhí mar ionadaí ag an tiarna talún in Eiliúrach. Bhí an t-airgead ag na Conroys le cíos a íoc agus tar éis imeacht na Sasannach as an tír d'fhan an talamh ina seilbh.
Ba as Dúiche Sheoighe do Mhae Melia, bean Phat Conroy. Bean bhreá dhathúil a bhí inti agus an-bhean tí. Is cosúil go raibh sí an-ghníomhach i gcur chun cinn an ghnó.
Ba é Micheál Joe, fear ceirde as Ros Cíde a d'fág lorg a láimhe i gcuid mhaith áiteacha ar fud Chonamara agus Mhaigheo, a thóg an teach - teach stór ar airde, déanta as cloch eibhir na háite le díon slinne air. Baineann an dearadh atá ar an teach taobh istigh le deireadh ré Victoria. I measc an obair cheardaíochta atá le feiceáil sa teach tá teallach deartha as marmar Chonamara a cuireadh á dhéanamh sa tionscail obair mharmair i Mionloch thart ar an mbliain 1900 nuair a cuireadh méid ar an teach.
Bhí stádas sóisialta ard ag na Conroys. Mhair siad mar a mhair mór uaisle na linne sin, ag cóiriú an tí le troscán seandachtaí, na ballaí le píosaí obair láimhe taipéise, urláir marmair agus maple acu. Bhí na ballaí taobh amuigh clúdaithe in eidhin Boston lvy agus Passion Flower. Mar ba gnách le tithe uaisle na linne sin, bhí a suíochán fhéin in áirithe i dTeach Pobail Ros Muc dóibh agus tá a gcnámha sínte i gCill Bhriocáin faoin gcrois mhór Cheilteach (an chrois is airde sa reilig), le ráille iarainn thart uirthi.
Níor chuir Pat Conroy ná a mhac Michael a gclann riamh ag an scoil áitiúl bhí múinteoir príobháideach fostaithe acu agus múineadh an chlann ag baile. Chuaigh Grace sna mná rialta agus tar éis do Phat Conroy bás a fháil, tá sé ráite gur thug a máthair cuid mhaith den tsaibhreas do Grace le caitheamh san Afraic ag cabhrú le daoine bochta agus le Séipéil a thógáil.
Tá go leor foirgneamh eile ann a tógadh beagán níos deireanaí ná an teach. Tógadh Ionad Sláinte inar cuireadh seirbhísí sláinte ar fáil. Tógadh Teach Cúirte inar pléadh cúrsaí dlí suas go dtí tús an chéid seo. Bhí stórtha adhmaid ann chomh maith agus bácús. Foirgneamh dhá stór a bhí iontu seo, déanta mar a bhí an teach as cloch eibhir agus ceann slinne air.
Siad muintir na h-áite a bhain na clocha as a bhfuil an teach agus na foirgnimh déanta. Bhí go leor fostaithe ag saothrú agus ag cur fálta ar an talamh, ag obair sa siopa, sna stórtha, ar an mbád, ag leagan stuf le carranaí capaill. Bhí cailíní ag obair sa teach agus daoine ag breathnú i ndiaidh tréad mhór beithíoch a bhí ag na Conroys.
Dhá scilling an pá lae d'fhear ag an am, ar obair ó dhubh go dubh.
Fear den sloinne Burns as Uachtar Ard a bhí ag obair mar bhaicéara. Dhá bhácús a bhí coinnithe ag obair ag an éileamh mór ar na builíní. Na báid agus carranna capaill is asail ag tarraingt builíní go dtí áiteacha chomh fada ó bhaile leis an gCaiseal.
Níor cuireadh aon athrú ar an siopa, bhí cúntar adhmaid timpeall leis an mballa ina mbíodh rollaí bréidín agus cailicó leagtha. Bhíodh bróga agus wellingtons ag crochadh as an tsíleáil.
Dúnadh an siopa i 1980 agus is i gCorcaigh a chaith Michael Conroy na blianta deireanacha dhá shaol.
Ag breathnú ar an áit inniu, an geata mór iarainn ornáideach dúnta, an cosán leathan fásta faoi fhéar, an gairdín imithe i bhfiántas, nach beag a chreidfeadh go dtiocfadh an lá go mbeadh doras dearg an tsiopa ina ndeachaigh na céadtha isteach is amach faoi ghlas. Nach ait an mac an saol.
Tá ballaí na stórtha agus an tsiopa faoi chlóca eidhin ag athrú dath ó shéisiúr go séisiúr de réir a nádúir. Níor thug siad fhéin ná na crainnte móra fuinseoige atá ag fás sa bpáirc ar do bhealach isteach chuig an siopa, suas a gcás fós.
Sna pleananna don áit anois, beidhI onad Cónaithe ann d'ealaíontóirí, lonad Míniúcháin, lonad Tionscnaimh, Siopa Leabhar agus Siopa Ceardaíochta, agus beidh siopa Chonroy coinnithe mar a bhí sé fadó.