"Bhí an dá bhealach ann, an Daingean 's an Ceann"
Meta Uí Mháille
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2012. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
B'é Joe Sheáin Antaine, an fear deiridh a d'oscail Droichead an Daingin. Seo agallamh a rinne Meta Uí Mháille lena mhac Michael Ó Flatharta.
Cén uair a cuireadh droichead ar an Daingean?
Tá sé ag dul píosa maith siar, cheapainn go raibh Droichead an Daingin déanta in 1892, san áit céanna a bhfuil an droichead inniu, ach gur droichead adhmaid a bhí ann a d'fhéadfaí oscailt le báid a ligean síos agus aníos. Sin iad na báid mhóra a bhíodh ag trádáil, ag tarraingt mhóna go h-Árainn agus stuif as Gaillimh ag siopaí. Bhí na báid ag dul an bealach sin i bhfad sular tógadh an droichead. Ní raibh ann ach bealach caol cam achrannach. Bhí sé i bhfad níos easca ag báid Ros Muc agus ag báid ón taobh sin dul síos agus suas thrí Dhaingean ná siar thar Ceann (Ceann Golaim). Bhí aistear fhada siar ach bhí sé glan. Cé go raibh an bealach trí Dhaingean anróiteach bhí sé níos gaire, bhí siad rite síos Cuan an Fhir Mhóir gan mórán achair agus bhí foscadh freisin ann. Ba faoi réimeas na Sasanach a tógadh an droichead agus siad muintir na h-áite a bhí ag obair air, bhí siad aniar as Garumna ann.
Chonaic mé pictiúir ag John Bhaba Jeaic, thiar san Ionad Oidhreachta, (fair play dó tá an obair déanta aige) pictiúir den droichead nuair a bhí sé dá thógáil, na scafaill agus na clocha dá leagan agus na báid. Creidim go raibh na mná féin ag obair ann, ag tarraingt clocha briste i gcléibh ar a ndroim le truncáil an bhóthair a dhéanamh. Tá an obair a déanadh do-chreidte, obair chrua ar bheagán airgid agus obair atá ag seasamh go maith i gcónaí. Tá céibh bheag faoi Tigh Mhichael Jeaic, sin é an áit a raibh an bealach i dtosach.
Déanadh í sin siar sa mbliain 1836 sul má bhí Daingean ná bóthar ann. Sin é an uair a raibh Ceantar na n-Oileán ina oileáin. Bheadh ort fanacht le trá le dul trasna an chara a bhí ann.
Céard faoi Na Brandaí?
Sin iad na mulláin atá ó dheas agus ó thuaidh den droichead mar mharcanna ar an áit a bhfuil an chuisle ag imeacht, mar threoir do na báid. Bhí na brandaí déanta sul má tógadh an droichead. Tógadh iad sin thart ar 1837, chúig cinn ó thuaidh den droichead agus sé cinn ó dheas. D'airigh mé ráite é gur é Máirtín Ó Flatharta a bhí ina chónaí in Eanach Mheáin a bhí ina ghanger nó foreman nuair a bhí na brandaí dá dtógáil. Tá mé ag ceapadh gur mba de bhunadh Leitir Mealláin é. Sasanach a bhí san engineer, Clatchy an sloinne a bhí air. Is cosúil go raibh brandaí le cur ar charraigeacha eile sa gcuan freisin ach cailleadh nó báthadh Clatchy sul má bhí an obair ar fad déanta agus níor tógadh na cinn eile. Bhíodh na brandaí péinteáilte geal ar an taobh a bhí leis an gcuisle. Balfour a bhí ar an gcomhlacht a thóig Droichead an Daingin, Na Tráchta agus na droichid eile.
Cérbh iad an dream a bhíodh ag oscailt an Daingin?
D'airigh mé ariamh gur fear a bhí sa Daingean a dtugadís Liamín air, gurb é sin an chéad fhear riamh a fuair an eochair. Liamín Mac Donnachadha, bheadh sé mar shean, shean athair ag Dermot Dáirbe. Bhain sé sin a phíosa féin as nó go raibh sé in am aige éirí as obair. An dara fear a thóig ansin é, Willie Tom Ó h-Annracháin, b'as Eanach Mheáin é Willie. Bhí cónaí air taobh thiar den droichead, síos ó Tigh Mhichael Jeaic. Bhí sé blianta fada ann agus ina dhiaidh sin sé a dheartháir Colm a thóig an job.
Tar éis do Cholm Annracháin éirí as, tairgeadh an job do m'athair, Joe Sheáin Antaine agus thóig sé é. Bhíodh sé ag obair leis an gComhairle Contae ar aon nós ar na bóithre. Níl mé siúráilte den bhliain ach is i dtús na gcaogaidí a thosaigh sé, agus bhí seisean ann nó gur stopadh ag oscailt an droichid. D'airínn m'athair a' rá go mbíodh thart ar trí scóir bád ag dul trí Dhaingean lena linn féin. Ní báid mhóra ar fad, bhíodh go leor gleoteoga agus púcáin ann. Bhí púcán i chuile theach. Bhíodh portaigh ag muintir Leitir Móir agus an taobh seo tíre i mBéal a' Daingin agus b'shin bealach le móin a thabhairt anuas, agus ritheadh siad corr lucht le púcáin go h-Árainn amach ag deireadh na bliana, le lucht éisc a cheannacht nó móin a bhabhtáil ar iasc.
Céard iad na rialacha a bhain leis an droichead?
Is de réir an taoile a bhí uaireanta oibre. Ní raibh cead an droichead a oscailt ó théadh grian faoi nó go n-éiríodh grian ar maidin. Tá mé ag ceapadh gur sé lá a bhíodh ann ach ní raibh aon obair ar an Domhnach. Trí phunt sa mí a bhíodh sé fháil as a bheith ag oscailt an Daingin. Bhí cheithre ghlas ar an droichead, péire taobh thiar agus péire taobh thoir ar chaon taobh den droichead a bhí le baint de leis an droichead a chasadh. Bhí geata le cur suas ar chaon taobh den bhóthar sul a n-osclófaí é. Ba le halmadóir a chastaí an droichead. Bhí cuaillí teileagraif an-ard taobh thoir agus taobh thiar den droichead chun na sreanga a choinneáil níos airde ná crainn na mbád seoil. Bhíodh feiceáil maith ar na báid a bhíodh ag teacht aníos an cuan le go mbeadh an droichead oscailte rompu ach ní raibh an feiceáil céanna ar na báid a bhíodh taobh thuas ach bhíodh fhios ag chaon chuid acu cén uair a mbeadh taoile ann. Amach ar bhicycle a théadh sé as Cruiminne anseo. Ní raibh bád ar bith a chuaigh síos le lucht nach raibh lucht éigin eile ag teacht arais aici agus bhíodh taoile mhaith ag teastáil le dul trí Dhaingean.
Is minic a chuala mé m'athair a rá, ar an triú lá de rabharta, ag a cúig a chlog ar maidin go raibh snámh bád mór sa Daingean. D'airigh mé go minic é rá gurb í bád Phádraig Ghriallais as Muiceanach an bád mór deireadh a chuaigh an Daingean le móin. B'shin é 1960 cheapainn. Tá mé ag ceapadh go ndeachaigh báid eile ann ina dhiaidh sin a raibh deis orthu leis an gcrann a leagan agus a chrochadh arís ina dhiaidh sin. Ní fhaca mé féin an droichead oscailte riamh, bhí mé ró-óg. Ansin i 1969 baineadh an seandroichead adhmaid anuas agus an fearas a bhí faoi a gcasfaí an droichead air.
Ba mhinic an sean dream a rá go raibh sé i dtairngreacht Cholmcille.