An Saol le Séamus Jamesie
Séamus Jamesie Ó Flaithearta
(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 2004. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)
Sé Séamus Jamesie Ó Flaithearta a osclóidh Féile Phléaráca Chonamara 2004 sa Chistin ar an gCeathrú Rua an Aoine 1 Deireadh Fómhair ag 8.00. Tá aithne ag Gaeltacht agus Galltacht ar Shéamus de bharr a chuid craoltóireachta ar Raidió na Gaeltachta. Ach bhí agus bíonn níos mó ná sin ar bun aige. Le leisce an fhocal a bhaint as a bhéal féin (rud a bheadh deacair!), d'iarr muid air cur síos a dhéanamh dúinn ar a shaol.
Is mac le Michaelín Jamesie agus Mary Bhríd Rua as Eoghanacht, Inis Mór mé. Is in Eochaill a bhí teach ar cíos acu nuair a rugadh mise. Tamall gairid ina dhiaidh sin, fuair said teach ceann tuí ar cíos i bhFearann a' Choirce - Tigh Phaits Tom agus blianta ina dhiaidh sin, cheannaigh said teach dhá stór (Tigh Annie Mhike) ó Alice Bn Nic Giolla Phóil, céad slat siar an bóthar sa mbaile céanna.
Ba mise ba shine agus Máire nach maireann, ansin Éamonn a fuair bás go hóg. Rugadh Máirtín agus Michael ansin agus ina dhiaidh sin rugadh Bríd agus bhásaigh sise go hóg freisin.
Is ag Scoil Náisiúnta an Cheathrair Álainn a chuaigh muid ar fad. Ní raibh sí ach siar an bóthar uainn, rud a d' fhág nach raibh sé ar ár gcumas mitseáil ná tada mar é a dhéanamh. Bhí muid ró-ghar don bhaile, bhí muid i gcónaí faoin ordóg.
Sí Máire Bn. De Búrca, go ndéana Dia trócaire uirthi, an múinteoir a bhí againn sna naíonáin, sa gcéad agus sa dara rang agus Micheál Ó Droighneáin as sin amach. Sé is mó a d'fhan i mo chuimhne féin mar bhí sé géar. D'imir sé peil agus iománaíocht agus rinne sé go leor lúthchleasaíochta linn. Chuir sé fíor-bhrú orainn agus rinne sé chuile iarracht muid a chur ar bhealach ár leasa ach ag an am is beag tuiscint a bhí againn ar an saol a bhí amach romhainn agus gur ar mhaithe linn a bhí sé.
Tar éis na bunscoile chuaigh mé ag Gairmscoil Éinne. Tar éis aon mhí amháin, bhí mo dhóthain den scolaíocht agamsa agus ba ghearr gur lá ann agus lá as a bhí ann agus ansin sa mbaile ar fad. Ag an am, bhí teach aíochta Uí Chonghaile i gCill Mhuirbhigh faoi lán tseoil agus daoine dá réir ag obair ann. Is gearr gur ann a bhí mise mar gur ann agus timpeall ann a bhí an chraic. Is ar an mbaile sin a bhíodh daoine óga an oileáin ag obair ag an am agus mura raibh craic ann, ní lá go maidin é. Is ann a d'fhoghlaim muid beagán Béarla agus casadh daoine mór le rá orainn freisin. Bhí gluaisrothair, carrannaí agus gluaisteáin ann agus is é Micheál Ó Conghaile (Twenty) a mhúin go leor againn le tiomáint.
Sa mbliain 1962, thug mise in éindí le beirt eile, cuairt ar Bhirmingham Shasana. Tar éis cúpla mí tháinig mise abhaile. An 14 Feabhra 1963, thosaigh mé mar fhear tí solais i mBeann Éadair agus as sin go dtí 1988 bhí mé i mo fhear tí solais ar fud chósta na hÉireann.
Phós mé Mary May Nan as Cill Rónáin i 1970 agus chuir muid fúinn i bhFearann a' Choirce. Tá mac amháin againn agus tá seisean pósta agus socraithe síos ar an oileán freisin anois.
Chaith mé seacht mbliana mar ionadaí Inis Mór faoi scáth Choiste Forbartha Árann ar Chomhairle Contae na Gaillimhe. Bhain mé an-sásamh as sin agus chuir mé eolas ar go leor.
I 1994, tháinig an tSeirbhís Dóiteáin ar an oileán. Ceapadh mise mar oifigeach stáisiúin agus lean mé leis sin go dtí mí na Nollag 2003 agus bheinn fós murach an aois faraor.
Maidir le RTE Raidió na Gaeltachta, ní raibh siad ach bliain nó dhó ar an aer nuair a thosaigh mé ag déanamh píosaí dóibh agus tá mé fós. Bainim an-sásamh as an obair sin. Taithníonn ceol, damhsa agus amhránaíocht liom. Tá an-mheas agam ar an teanga agus ar na sean-ghnásanna agus go mórmhór ar na seandaoine a bhfuil an teanga agus na seanghnásanna sin acu. Bainim an-seasamh as chuile bhliain nuair a thugann Pobal-ar-Aire, Inis Mór, grúpa daoine aosta ón oileán ar thuras go Gaeltacht éicínt.
Tá feabhas mór ar an oileán ó bhí mise ag éirí suas, ach fós tá faillí déanta i rudaí, iad curtha ar an méar fhada. Áit mar Inis Mór a bhfuil daoine ag tarraingt ann ó cheann ceann na bliana, ní dhéanann an Rialtas aon allúntas do na hoileánaigh. Más tada é, is ag obair ina n-aghaidh a bhíonn said. Tá dlí nua éicínt ann chuile lá agus tuigeann an saol mór an dlí a oibríonn i mBleá Cliath gur deacair dhó oibriú ar oileán mara ar chósta thiar na hÉireann.
Tá súil agamsa an chuid eile de mo shaol a chaitheamh ar an oileán ag déanamh na rudaí a mbaineann mé sásamh astu.