Eagarfhocal 1993: 'TnaG? - Tá lucht na gcúpla focal ag fáil réidh dhó'

Coiste Eagarthóireachta an Phléaráca

(Is téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1993. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Beidh sé an-deachair ag an Rialtas dul siar ar an ngeallúint a tugadh maidir le bunú seirbhís teilifíse trí Ghaeilge. Tá dhá thuarascáil ag an Aire Michael D.Higgins, ó thús Mheán Fómhair. Níl a fhios ag an bpobal céard atá sna tuarascáil ach tá corr leide tugtha sna páipéir agus ar Radio na Gaeltachta faoin gcineál seirbhíse atá molta ag Coiste Uí Thuathaigh, agus gan fiacal a chur ann ní maith linn a gcloistear dúinn.

Do réir na dtuairiscí a bhí i dTuarascáil san Irish Times, tá sé i gceist go mbeadh an stáisiún ar an aer 3 huaire a' chloig in aghaidh an lae. Ní beag an méid ama é sin le líonadh chuile lá, ach ní chuige sin atá muid. Deirtear go mbeidh trian de na cláracha déanta ag comhlachtaí príobháideacha; go mbeidh trian eile déanta ag RTÉ don tseirbhís (ní in aisce go bhfios dúinn) agus go mbeidh an triú trian ceannaithe ag RTÉ don tseirbhís ón iasacht.

Más é seo an leagan amach atá molta cuireann sé alltacht orainn. Ciallaíonn sé nach mbeidh aon fhoireann fostaithe go díreach ag an tseirbhís nua, ag déanamh cláracha. Ní bheidh sa gceannáras ach ionad le seirbhís riaracháin a chur ar fáil don bhainistíocht. Ní ghá fiú amháin go mbeadh Ceannaire an stáisiúin ag obair as an gceannáras. Beidh cúpla post le fáil ann ag muintir na Gaeltachta seans, mar rúnaithe, mar chléirigh, ag freagairt an teileafóin agus ag glanadh na háite.

Cruthófar neart postanna maithe in RTÉ, áfach, leis na 7 n-uaire a chloig gach seachtain a sholáthar. Is cosúil go bhfuil sé i gceist, fiú amháin, an nuacht a réiteach in RTÉ. Ní léir nach mbeidh áit ar sceideal na seirbhíse nua do nuacht ná clúdach áitiúl faoi imeachtaí sa Ghaeltacht. Ní Teilifís Ghaeltachta ar fáil go náisiúnta atá molta ach Teilifís Náisiúnta Ghaeilge, le oifig agus stiúideo leanúnachais sa Ghaeltacht. Is beag leas a dhéanfaidh sé do phobail na Gaeltachta ach an oiread leis na irisí náisiúnta Gaeilge, tá faitíos orainn.

Ach níl an cath caillte ná baol air. Ní féidir géilleadh chomh héasca sin. Níl i dtuarascáil Uí Thuathaigh ach moltaí. Tig le Michael D. glacadh leo in iomlán nó glacadh le cuid acu nó diúltú glan díobh. Caithfear é a dhéanamh an soiléir don Aire go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh an stáisiún nua teilifíse freastal ar riachtanais na bpobal Gaeltachta ón tús chomh maith le bheith ina stáisiún náisiúnta trí Ghaeilge.

https://www.cartlann.ie/files/original/1bb8a6579080a9576f06ce2f308f6aaa.jpg

Gearóid Ó Tuathaigh, an cathaoirleach ar an gCoiste Bunaithe Teilifíse. Tá tuarascáil an choiste i lámha Michael D.

Ní raibh aon urlabhraí olc, maith ná dona ar Choiste Uí Thuathaigh, ón bpobal is mó sa tír a chleachtann an Ghaeilge mar ghnáth theanga cumarsáide, cé gur as an bpobal sin a tháinig an t-éileamh le haghaidh Teilifís na Gaeltachta an chéad lá. Níor hiarradh ar éinne den dream a chuaigh ar Chnoc Mordáin 6 mbliana ó shoin, le taispeáint don saol mór cé chomh éasca is a bhí sé stáisiún teilifíse a chur ar an aer, a bheith ar an gcoiste. Ach bhí ionadaí ón IFA air agus ionadaí ó eagraíocht lucht gnó air agus daoine eile nach raibh mórán spéise acu sa cheist beag ná mór.

Maidir leis na léiritheoirí príobháideacha sa Ghaeltacht, is breá a leithéid a bheith ann agus tá sé le rá, murach chomh fadradharcach is a bhí Údarás na Gaeltachta cúpla bliain ó shoin nach mbeidís ann. Tá daoine óga den scoth, de bhunadh na Gaeltachta ina measc, agus más teist ar bith é "Teilfís Pobal", an sraith cláracha a chraoladh le linn an tsamhraidh, cruthaíonn sé go bhfuil an- cumas ag cuid mhaith acu cláracha de ard-chaighdeán a chur le chéile. Tá léiritheoirí príobháideacha in ann cláracha áirithe a dhéanamh chomh maith nó níos fearr ná mar a bheadh foireann bhuanfhostaithe, mar nach mbíonn na laincisí céanna orthu, go minic. Ach tá cláracha eile ann, ar nós spóirt, nuacht, cúrsaí reatha, cláracha beo ag mórocáidí pobal, a dteastódh foireann fostaithe ag an stáisiún lena ndéanamh sa gcaoi is go mbeadh leanúnachas agus freagracht iomlán ann agus le go mbeadh seirbhís don phobal mar chéad chloch ar a bpáidrín.

Tá deacracht eile ag baint le bheith ag brath an iomarca ar na léiritheoirí is na gcomhlachtaí príobháideacha. Níl siad scaipithe go cothrom sa Ghaeltacht. Thart ar an Spidéal is mó atá na léiritheoirí príobháideacha suite sa taobh seo tíre. Is léir óna cláracha a chuir siad le chéile do Theilifís Pobal·gur ag breathnú soir i dtreo na Gaillimhe a bhíodar, le haghaidh ábhar na gcláracha ar an gcuid is mó.

Tá fealsúnacht Mhaggie Thatcher le sonrú go tréan san intinn seo faoi nár chóir foireann déanta clár a bheith fostaithe ag an stáisiún. Tá sé i bhfad níos éasca daoine a smachtú, ar ndóigh, má tá siad fostaithe ó lá go lá, ó chlár go clár agus má tá siad ag brath ar fhábhar agus ar chairdeas. Creideann daoine leis an dearcadh Thatcherite seo gur fearr daoine a chur i gcomhlint le cheile ná ag comhoibriú le chéile. B'fhéidir go bhfuil ciall éicint le coimhlint i gcúrsaí gnó, anois is aríst, ach ní chothaíonn an géarchoimhlint i gcás seirbhísí a chur ar fáil don phobal ach aimhreas agus daoine a cur in aghaidh a chéile in áit comhoibriú agus cur le chéile. Ciallaíonn sé freisin go mbeidh sé an-deachair a chinntiú go mbeidh coinníollacha maithe oibre ó thaobh pá de agus ó thaobh am saor, le fáil acu siúd a bheas ag obair ar na gcláracha. Ciallaíonn sé gur lucht gnó, a bhfuil eolas acu ar na scéimeanna agus na scamanna, is fearr a eireos leo. Tá daoine den scoth ann, a bheadh íontach mar léiritheoirí teilfíse no mar eagarthóirí físe ach nach mbeadh ag iarraidh comhlacht a bhunú ná a reachtáil agus fir/mná gnó a dhéanamh astu féin. An mbeidh áit ar bith ag na daoine sin sa stáisiún seo nó cén seans a bheas acu in aghaidh daoine le taithí maith ghnó? Caithfear a bheith airdeallach fúthu siúd atá ag bogadh isteach sa ghnó seo mar go bhfeiceann siad airgead éasca le déanamh agus nach bhfuil de fhealsúnacht acu ach an méid is mó airgid a dhéanamh ar an mbealach is éasca chomh scioptha agus is féidir.

Ta gné eile den cheist ag déanamh imní dúinn. Tá dream áirithe, a bhfuil vested interest acu, an oiread den tionscail teilifíse a lonnú thart ar an Spidéal agus is féidir. Tá an Spidéal th'éis aitheantas a bhaint amach dó féin mar ionad áiseanna teilifíse den chéad scoth, a bhuíochas sin cuid mhaith do Thelegael. Tá roinnt léiritheoirí teilifíse tagaithe chun cónaí sa Spidéal agus gan dabht tá borradh breá faoin áit agus níos mó den Ghaeilge le coisteál sna tithe tábhairne ná mar a bhí le fada an lá agus is maith an scéal é sin. Ach an gcaithfidh chuile shórt a bheith sa Spidéal?

Tá ráfla láidir ag dul thart go bhfuil comhlacht príobháideach ag iarraidh deontas ón Údarás le stiúideo mór teilifíse a thógáil sa Spidéal. Ní dóigh linn go mba chóir go mbeadh príomh stiúideo deantús na gclár do Theilifís na Gaeltachta i seiIbh comhlacht príobháideach agus ní dóigh linn go mba chóir a leithéid de áis a thógáil sa Spidéal. Má thógtar sa Spidéal é úsaidfear an argóínt go gcaithfidh ceannáras an stáisiúin nua teilifíse a bheith in aice leis an bpríomhstiúideo, rud a bheadh ciallmhar. Tá iarracht láidir ar bun an togra seo a bhrú tríd an Údarás, lena chinntiú go mbeidh fait accompli ann faoi lonnú an cheannárais. Ach ní ghá don Spidéal a bheith santach mar is cuma cén áit i gConamara a lonnófar an tseirbhís, beidh fás agus forbairt ag tíocht faoi Thelegael, mar theach áise teilfíse. Dhéanfadh sé maitheas do cheantar eile, dá scaoilfí an ceannáras agus an stiúideo seo siar an bóthar píosa agus dhéanfadh sé maitheas don tseirbhís dá mbeadh an ceannáras agus an stiúideo nua seo, suite i gceantar láidir Gaeltachta, ceantar nach bhfuil plúchta ag strainséirí agus ceantar ina bhfuil an Ghaeilge i mbarr réime fós i measc an phobail. Is mó an tseans go mbeadh fíor bhlas na Gaeltachta ar an tseirbhís agus nach mbeadh an oiread deis ag lucht na gcúpla focal, ceannas a thógáil air. Tá lucht na gcúpla focail an chompórdach sa Spidéal. Ní bheidís chomh compordach céanna siar Conamara píosa. Tá gné eile ar an scéal. Dá mbeadh an stiúideo agus an ceannáras lonnaithe sa Spidéal, is i nGaillimh is mó a bheadh cónaí ar an bhfoireann oibre. D' éirigh le Radio na Gaeltachta a chinntiú go raibh Gaeilge na Gaeltachta i réim sa stáisiún ón gcéad lá. Bíodh an Teilifís mar a chéile.

lna alt faoi Ros na Rún tarraingíonn Seosamh Ó Cuaig aird ar abairtín a dúirt Lelia Doolan, Cathaoirleach Bord Scannán na hÉireann, san eagrán is deireannaí den iris Film Ireland. Is fiú an abairt go léir a fhoilsiú:

"I think a tremendous number of production companies currently based in Dublin may find - and there is some evidence that they are brushing up their Irish like fury at the moment- that the fax and the telephone work equally well in West..."

Is leor nod!