Taispeántais ó Irisí an Phléaráca
Báid agus Bádóirí in Irisí an Phléaráca
Ó foilsíodh an chéad Iris de chuid an Phléaráca in 1991, bhí báid, bádóirí agus cultúr na seoltóireachta mar théama leanúnach sna hIrisí. A bhuíochas d’údair cosúil le Pádraig Seoige, Máire Ní Chualáin agus, go háirithe, Ruaidhrí Ó Tuairisg, roinneadh leis an léitheoir eolas agus scéalta, stair agus seanchas faoi cheird, faoi chontúirt agus faoi dhraíocht na slí maireachtála seo.
Na Meáin Ghaeilge in Irisí an Phléaráca
Foilsíodh an chéad iris de chuid an Phléaráca in 1991, nuair a bhí cúrsaí faoi na meáin Ghaeilge, go háirithe Teilifís don Ghaeltacht, go mór i mbéal an phobail. Is ábhar plé é seo a chlúdaítear go cuimsitheach in Irisí an Phléaráca, ón mbliain sin go dtí gur foilsíodh an Iris deiridh in 2014.
Stair Chonamara agus Árann in Irisí an Phléaráca
Tá stair áitiúil Chonamara agus Árann mar théama leanúnach in Irisí an Phléaráca. Clúdaítear tréimhsí ama chomh fada siar leis an Aois Neoiliteach in Árainn, chomh maith le himeachtaí níos déanaí, ar nós Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sna 60idí agus na 70idí. Dírítear ar rudaí ilchineálacha ar nós tiarnaí talún na bhForbacha, filí agus seanchaithe an 18ú haois, agus caithimh aimsire na ndaoine roimh bhunú an Stáit.
An Béaloideas in Irisí an Phléaráca
Tá an béaloideas agus an cultúr dúchais mar ábhar plé in Irisí an Phléaráca ó foilsíodh an chéad Iris in 1991. Scríobh údair cosúil le Pádraig Ó hÉalaí agus Ruaidhrí Ó Tuairisg faoi nósanna agus faoi chleachtais thraidisiúnta i nGaeltacht Chonamara. Pléadh nósanna a bhain leis na mairbh, le piseogaí, leis an nádúr agus le cúrsaí mara.
Cúrsaí Spóirt in Irisí an Phléaráca
Tá cúrsaí spóirt, go háirithe na cluiche Gaelacha, go mór faoi chaibidil in Irisí an Phléaráca. Pléitear sna hailt éachtaí lúthchleasaithe agus laochra spóirt éagsúla, idir dhornálaíocht agus iománaíocht, pheil agus spóirt uisce. Dírítear go minic ar mhuintir na Gaeltachta a rinne gaisce ar fhoirne sinsearacha na Gaillimhe – ina measc Hugó Ó Ciardha as Carna agus Pádraic ’ac Coisteala as an Spidéal – agus orthu siúd a rinne gaisce go hidirnáisiúnta.
Polaitíocht Chonamara in Irisí an Phléaráca
Ní ábhar iontais é go bhfuil cúrsaí polaitíochta i gConamara go minic mar ábhar díospóireachta agus anailíse in Irisí an Phléaráca. Tá spéis ar leith ag muintir Chonamara i bpolaitíocht an cheantair, i bhfianaise an tionchair atá ag na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta ar na nithe sin – ar nós cúrsaí pleanála, teanga, tithíochta agus fostaíochta – atá ag dó na geirbe ag muintir na Gaeltachta.