Sgorach Ghlionnáin

Seán Mac Giollarnáth

(sliocht as Peadar Chois FharraigeIs téacs tras-scríofa é seo d’alt a foilsíodh in Iris an Phléaráca, 1991. Níor athraíodh an téacs seo ón mbunleagan.)

Sé an áit a raibh Sgorach Ghlionnáin curtha faoin uamhain talmhan san áit ar a dtugtar Glionnán air, i bhfoisceacht trí mhíle do Chuan Chasla. Sgailp Ghlionnáin a tugtar ar an bpoll a raibh an Sgorach ina chónaí ann. Nuair a thiocfá i gceann a bhéil chaithfeá cromadh ag dul inti isteach. Ó bheitheá ceithre troighthe isteach d'fhéadfá díriú suas. Bhí sé ocht dtroighthe ar airde agus tuairim seacht dtroighthe ar leithead, aill ar 'chaon taobh dí agus carachán cloch os a cionn, agus mopa fraoich fásta uirthi taobh amuigh. Ní raibh deoir aníos ná anuas ann, ach chomh tirim le muileann. B'shin é a theach.

Bhí an Sgorach sé troighthe agus cúig ordlaí ar airde. Bhí sé ocht gclocha déag meadhachain. Níor chaith sé hata ná caipín ariamh. Bhí sé déanta ar nós na haille, de chnámh agus de chraiceann, leathan láidir. Ní raibh samhail ar bith ag a dhá ghiall ach mar a bheadh clár daraighe ann, fada leathan. De mhuintir Neachtain i dtaobh athar agus máthar é. Níor chuir sé fata ariamh ina shaoghal agus níor bhain sé fata, ach ag tigheacht suas ar mhairtfheoil agus ar chaoirfheoil, agus níor dhe a chuid féin é. Is minic a chuaidh sé deich míle ag goid mairt. Shiubhladh sé thart na bailteacha aimsir an drochshaoghail ag cur loirg a raibh aon duine i gcruadhchúis, nó faoi anshógh. Nuair a gheobhfadh sé amach go raibh, d'imtheochadh sé agus mharbhóchadh sé mart. Thiubhradh sé ag an gcomhluadar sin é a bhí ar an-chaoi; ach san aimsir dheiridh tógadh é, agus 'séard 'dubhairt sé an mhaidin a tógadh é: "Ní mhaireann rith maith don each i gcomhnuidhe."

Fuair sé tuairisg lá go raibh anshógh ar chomhluadar daoine. Bhí tarbh ag an mBlácach, Blácach na Tulaighe. 'Sé an áit ar cheannuigh sé i Néifin é, in aois a thrí bliana. Bhí fear in don codladh ar a dhruim le na leithead. D'imthigh an Sgorach an mhaidin seo. Thug sé leis Tomás Ó Neachtain, Micil Mhag Cearra, Éamonn Ó Caena, Tadhg agus Ned. Mharbhuigheadar an tarbh. Rinneadar ceithre ceathramhna dhe. D'fhágadar dhá cheathramha dhe san teach seo a raibh an t-anshógh ann. Thugadar an dá cheathramha eile leob agus chuireadar i bpoll criathraigh iad. "Anois," a deir an Sgorach, "téighidh-sa abhaile. Nuair a gheobhfas an Blácach an tarbh imithe 'sé an chéad mhaith a dhéanfas sé a dhul go Baile an Chláir ag iarraidh an Revenue. Gabhfaidh mise trasna an chriathraigh agus casfaidh mé dhó ar an mbealach agus ní bheidh an cuimhniú ansin aige gur mise a mharbhuigh an tarbh."

D'imigh leis agus níor stop sé go dtáinig sé go Gaillimh. Fuair sé muigín bláthaighe úire agus bairghean ó fheara bhí ar an bhFatha Bhig ina chomhnuidhe, a dtugaidís Antoine Mór air. Bhuail sé siar an bóthar ó chois go cois. I mullach an Chaoráin Mhóir, ós cionn Bhóthar na Trágha, cé chasfadh dó ach Séamus a' Bláca agus a mhnaoi ina gcóiste. "Ó, a Thiarna," a deir Séamus a' Bláca, nuair a chonaiceadar an Sgorach, "nach mairg a abruigheanns tada," agus an Sgorach ag éisteacht leis; "crochtar na céadta san éagcóir. Bhí mise siúrálta gurb é an fear siar a thug leis an tarbh."

Ní rinne an Blácach, nuair a chuaidh sé abhaile, ach a chuid báillí a chur amach ar thóraidheacht an tairbh, gan aon tuairisg le fághail ar an tarbh ná fios cá ndeachaidh sé. D'athruigh an Sgorach ansin agus 'sé an áit a ndeachaidh sé ag goid go ceantar Mhuighe Cuilinn agus Uachtar Ard. Níor thug sé bó ná caora ariamh ó dhuine bocht, ach thug sé bó agus caora ag an té a raibh 'fhios aige go raibh an t-ocras air. Bhíodh ceap-ord gan chos ina phóca aige. Is leis seo a mharbhuigheadh sé an beithidheach. Bhuaileadh sé i gclár an éadain é leis an gceap- ord, leigeadh sé a fhuil, chrochadh sé leis é ar a dhruim nó go dtugadh sé go Clochar na mBroc é nó go bhfeannadh sé é. Dhéanadh sé ceathramhna ansin dó. Chuireadh sé na ceathramhna i gcaoch-phoill go bhfághadh sé amach cé air a mbíodh an t-anshógh. Is iomdha anam duine a shábháil sé a bheadh caillte leis an ocras marach é. Fear a dtugtaí Tadhg Fada air a bhraith é. Ba leis Doire Thuirc. Is as an áit sin a ghoid an Sgorach an bhudóg. Ba le Tadhg Fada an bhudóg agus 'sé a fuair in géibheann é. An gobharnóir a bhí ar an bpríosún ghlac sé sgrupall ann, fear chomh breágh leis a bheith in géibheann. Sgríobh sé ag an mBainríoghan. Ligeadh amach é. Fiafruigheadh de an raibh sé luighteach le dhul san arm. 'Dubhairt sé go raibh, go mb'fhearr leis a dhul ann ná ar an gcaoi a raibh sé, gurb í beatha an ghirrfhiaidh a bhí aige. Fiafruigheadh de cé mb'fhearr leis ina shaighdiúr talmhan ná ina shaighdiúr farraige. Dubhairt sé go mb'fhearr leis bheith ina shaighdiúr farraige. Fuair sé ceithre lá le dul go dtí daoine muintreacha le iad a fheiceáil sul má d'imtheochadh sé. Sin é an t-am a ndearna sé an dán nuair a bhí sé ar bhfeidhil a bheith ag imtheacht:


D'éirigh mé ar maidin agus níor bhris mé mo chéalacan,
Thug mé an séarsa údan go Gleann Doire Thuirc,
Bhreathnuigh mé go bhfaca mé beithidheach a bhí spéireamhail,
Bhuail mé i gclár an éadain í le m'oirdín gan chos.

Chroch mé ar mo dhruim í tri chnuic is tri ghleannta,
Tri thuláin a bhí géar agus sléibhte a bhí bog,
Rinne mé a feannadh maidin Dé Céadaoin,
I bhfad ó na bailteacha i gClochar na mBroc.

Ní le Tadhg Fada ab'fhailllighe é, fuair sé mé i ngéibheann,
Thug sé tri mhí dom san teach údan thoir,
Má fhághaim-se tri mhí ar thalamh na hÉireann,
Ni fhágfaidh mé Tadhg ann ná duine dá threibh.

Tarraingeochaidh mé, is bruithfidh mé, is stróicfidh mé ó 'chéile iad,
Ní fhágfa' mé snátha léine acab ná ordlach de phluid –
Is iomdha sin créatúir a dhibrigheadar féinig,
A d'fhágadar ag éagcaoin ag caoi is ag gol.

Seo é an Sgorach nach bhfaca ocras ar aon chréatúr,
Agus gé ar an tsráid nó beithidheach ar an gcnoc,
Mar bhí mo chuid sgeana glasta le faobhar,
Bhearrfaidís céad fear is ní tharraingeochaidís fuil.

Tiocfaidh an lá údan go bhfeicfidh na daoine,
Deatach ar shléibhte is girrfhiadhacha ag rith;
Agus fágfaidh mé mo bheannacht ag mo cháirde fré chéile.
Ag Neachtain, ag Caena, ag Cearra, agus Ned.

B'shin é an focal deireanach ón Sgorach in Éirinn.