Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973)

Dublin Core

Title

Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973)

Subject

Na Dúchrónaigh
Cogadh na Saoirse
Anraí Ó Corrduibh
An RIC

Description

Sa mhír seo den tsraith chlár Beatha Duine a Thoil cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar Anraí (Harry) Ó Corrduibh (1914-1982). Rugadh i gCill Mhíchíl, Co. Chláir é agus bhog sé go Ros Dubhach, Maigh Eo, áit ar chuir sé faoi agus é mar mhúinteoir meánscoile. Labhraíonn sé san agallamh seo faoina óige i gCo. an Chláir. Tá cuimhne aige ar na Dúchrónaigh agus an ‘raic, an loscadh agus an marú’ a rinneadh, agus déanann sé trácht ar eachtra ar leith a chonaic sé agus é ina ghasúr óg. Bhí a athair ina Chonstábla Ríoga sa cheantar, agus bhí sé i mbeairic an RIC oíche amháin nuair a chuala siad torann ó ghunnaí taobh amuigh – is cosúil go raibh na Dúchrónaigh ag réabadh lasmuigh. Maraíodh giúistís áitiúil [an Captaen Alan Lendrum] ag an am agus bhí na Dúchrónaigh ina ndiaidh siúd a mharaigh é. Bhí siad amuigh ag cuardach ar feadh na hoíche. Níos déanaí an mhaidin sin tháinig leoraí, a raibh cónra an ghiúistís air, chuig an mbeairic. Ba é sin an chéad uair a chonaic Anraí an chónra - agus dúirt sé go mba léir gur caitheadh le chéile faoi dheifir í. Bhí na Dúchrónaigh ar an leoraí freisin agus iad ag ceol, ag ól agus ag gáirí. Bhí sé 6 bliana d’aois ag an am.

Creator

Ó Tuairisg, Seán

Source

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Date

09-01-1973

Contributor

Ó Corrduibh, Anraí (Harry)

Rights

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Language

ga

Type

Fuaim

Identifier

23385

Extent

00:26

Temporal Coverage

1919-1921: Cogadh na Saoirse
22/09/1920: Maraíodh an Captaen Alan Lendrum

Mediator

Ó Tuairisg, Seán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/bfca581284d490d62899203f36ac3888.mp3

Tagairt

Ó Tuairisg, Seán, “Agallamh le hAnraí Ó Corrduibh (09/01/1973),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, http://46.22.129.74/items/show/637.