Bainis Liam agus Cháit
Dublin Core
Title
Bainis Liam agus Cháit
Subject
Scéalta Pearsanta; Caithimh Aimsire
Description
Is fada ó Mhainistir Westminster agus na Windsors a tógadh mise, ach is ann a bhí mé ar an 29 Aibreán ag tuairisciú ar bhainis An Phrionsa William agus Kate Middleton, nó Liam agus Cáit mar a bheadh orthu dá mbeidís ag pósadh sa taobh seo tíre. Landáil mé féin agus an ceamaradóir Dave, i Londain cúpla lá roimhré, agus sé an chéad jab a bhí againn ná ár gcuid pasanna a bhailiú don lá mór. Shiúil muid síos go dtí an Mainistir ansin agus cé go raibh an lá mór fós dhá lá uainn, bhí cúpla céad suite ansin i gcampaí agus i málaí codlata, iad ag coinneáil greim daingean ar a n-áit suite. Bhí cuid acu tagtha ó chomh fada ó bhaile leis an Astráil agus Ceanada. Agus bhí an-time acu! Bhíodar ag amhranaíocht, ag caint is ag comhrá, agus ní raibh stáisiún teilefíse nó raidió ó Sydney go San Francisco nár chuir faoi agallamh iad.
Creator
Máire Treasa Ní Cheallaigh
Source
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Date
2011
Rights
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
PL2011A06
Bailiúchán
Tagairt
Máire Treasa Ní Cheallaigh, “Bainis Liam agus Cháit,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, http://46.22.129.74/items/show/519.