Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara

Dublin Core

Title

Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara

Subject

Raidió na Gaeltachta

Description

Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha Gaeilge ar Raidió Éireann. An fear céanna inniu shílfeá gurb é féin go pearsanta a chuir stiúideo Chasla le chéile, ó bhloc go bloc agus ó bholta go bolta, leis an gcaoi a mbíonn sé ag cur síos ar an leas atá déanta ag an tseirbhís Ghaeltachta ó lá a bunaithe. Cén bhrí dá mbeadh sé sásta a admháil gur athrú intinne a tháinig air - rud a d'fhéadfadh tarlú do dhuine nádúrtha ar bith. Ach ní bheadh ná go deo. Cloisfidh tú daoine eile ag rá go raibh stáisiún na Gaeltachta i gceann Éamoin de Valera na blianta fada ó shin - nó ina chroí b'fhéidir, os isteach ina chroí a bhíodh air breathnú uair ar bith a mbíodh beart nua tábhachtach éigin á chur ina shuí aige. Ach más ina cheann nó ina chroí a bhí sé ní dheachaigh sé níos faide.

Creator

Seosamh Ó Cuaig

Source

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Date

1991

Rights

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Language

ga

Type

Téacs

Identifier

PL1991A04

Extent

700

Geolocation

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/42d21699c5386b8db60b85ad3845c54e.pdf

Tagairt

Seosamh Ó Cuaig, “Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, http://46.22.129.74/items/show/249.