Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.
Dublin Core
Title
Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.
Description
Tagann an bás gan cás gan cuireadh agus ba é a fhearacht sin agamsa agus an scéal truamhéalach a chuala mé ón mbaile leis an maidneachan i dtús mhí Eanáir na bliana seo. Níos measa ná sin arís, bás tobann. Thall i bPerth na hAstráile a bhí mé ag scaoileadh tharam an gheimhridh ar feadh trí mhí mé féin agus mo bhean Máire ag fanacht i dteach m’iníne, Mairéad. Sheas sise i mbéil dorais an tseomra codlata agus labhair i nglóir ómósach urramach íseal, “drochscéala ón mbaile,” a deir sí, “tá Dan básaithe”. B’éigean di é a rá trí nó ceathair de chuarta mar gur shíl mé go raibh mé ag brionglóidigh nó ag rámhailligh. Chinn sé ar m’inchinn é a shú isteach agus a phróiseáil an tráth sin den mhaidin.
Creator
Pádraic Tom Bán Breathnach
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2019
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2019A20
Spatial Coverage
Tagairt
Pádraic Tom Bán Breathnach, “Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, http://46.22.129.74/items/show/2453.