Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil
Dublin Core
Title
Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil
Subject
Stair
Description
Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba mhór le rá é Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh i gcaint agus i gcomhrá na ndaoine i gceantair an Spidéil. Nuair a thagadh comhluadar le chéile ar cuairt thart timpeall an teaghlaigh san am a caitheadh bhíodh Flaitheartach na Páirce go mór faoi chaibidil acu. Ba údar iontais agus mórtais dhíobh go raibh an scoláire mór seo ina chónaí ina measc agus is iomaí insint a bhí ar na tréithe léinn agus oideachais a bhain leis. Ba díobh féin é, de shliocht uasal Gaelach a raibh flaitheas acu ar an taobh seo tíre san am a caitheadh. Cosúil leo féin, díshealbhaíodh é óna thalamh dhúchais chun cur faoi sa stráice achrannach seo in aice na farraige. Nárbh é an Flaitheartach a bhaist an taobh tíre seo den chéad uair i Laidin nuair a thug sé mar seoladh “Armorica Galviensi” nó Cois Fharraige na Gaillimhe.
Creator
Seán Ó Neachtain
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2018
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2018A07
Spatial Coverage
An Spidéal
Tagairt
Seán Ó Neachtain, “Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, http://46.22.129.74/items/show/2390.