An Máistir Ó Neachtain
Dublin Core
Title
An Máistir Ó Neachtain
Subject
Litríocht
Description
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bíodh rud agat dhuit fhéin nó déan do ghoradh leis an ngréin a deireadh an seandream ag tráth den tsaol a raibh an paróiste seo chomh bocht is gurbh é a gclochneart greim beatha a choinneáil faoin bhfiacail. Tá athrú dochreidte tagtha ar an gceantar ón am ar caitheadh mise ar an sop i 1942. Ba as talamh a bhí formhór na ndaoine ag baint slí beatha ag an tráth sin. Is leor súil a chaitheamh fós fhéin ar na breaclachaí talún atá ag síneadh ó phortach go cladach siar le bóthar Chois Fharraige chun a thuiscint gur le cruatan agus le hanró a mhair na daoine agus gan acu ach ón láimh go dtí an béal ar éigin.
Creator
Joe Steve Ó Neachtain
Source
Bailiúchán Biseach
Date
2006
Rights
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Language
ga
Type
Téacs
Identifier
BI2006A13
Tagairt
Joe Steve Ó Neachtain, “An Máistir Ó Neachtain,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed November 26, 2024, http://46.22.129.74/items/show/2182.