Liathróid Láimhe ar an gCnoc
Dublin Core
Teideal
Liathróid Láimhe ar an gCnoc
Ábhar
Spórt
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2001', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dhá véarsa a chuir Joe Steve Ó Neachtain ó Choiste na Páirce le chéile i gClár Oscailt Oifigiúil Phinniúr Liathróide Láimhe Mhichíl Bhreathnaigh i 1980. Tá traidisiún an spóirt seo ag dul siar go dtí 1890 ar a laghad, nuair a bhí an cluiche á imirt i mBothchúna i bparóiste an Chnoic. Cuireadh tús le pinniúr ins na hAille sna tríochaidí, ach leag gála é i ndeireadh na gcaogaidí. Nuair a bhí an Pháirc ar an gCnoc réitithe, bheartaigh an Coiste ar phinniúr faoi dhíon a thógáil in éineacht leis na seomraí feistis, agus nach ar an áit sin a bhí tarraingt na ndaoine suas go dtí a dó a chlog ar maidin le cluichí a imirt.
Léiritheoir/Cruthaitheoir
Jimí Joe Shéamuis Ó Fátharta
Foinse
Bailiúchán Biseach
Dáta
2001
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige
Teanga
ga
Cineál
Téacs
Aitheantóir
BI2001A17
Clúdach Tíreolaíoch
An Cnoc
Tagairt
Jimí Joe Shéamuis Ó Fátharta, “Liathróid Láimhe ar an gCnoc,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 7 Aibreán 2025, http://46.22.129.74/items/show/2066.